Scannán aicsin é seo a bhaineann le Henry, cibearg a dhúisíonn go tobann ón bháis, ag streachailt chun a bhean chéile a shábháil ó ghealt agus a arm pearsanta ó tús go deireadh an scannáin. Is léargas neamhchoitianta é an radharc céad phearsan, leis an ceamara ag bogadh de réir mar a bhogann cloigeann an príomhcharactair; ach d’fhéadfadh leis “tinneas taistil” a chur ar na lucht féachanna anois is arís de bharr an claonadh agus gluaiseacht sa bhreis. Sin ráite, is scannán suimiúil é dóibh siúd atá tar éis cluichí lámhaigh céad phearsan a imirt cúpla uair – go háirithe ó thaobh an scil a bhaineann le cluiche mar sin a bhuachaint. D’fhoghlaim mé sa scannán seo gur gá breathnú timpeall i gcónaí sula dtéann tú suas na staighre, ar eagla go bhfuil namhaid éigin i bhfolach thuas taobh thiar duit (agus ní imreoir céad phearsan mé!).

Hardcore HenryD’aineoinn an aicsean féin, na gluaiseachtaí dochreidte agus an cumas atá ag Henry, Níl an scéal féin suimiúil dar le an-chuid léirmheastóirí cheana féin, ach ceapaimse gur féidir radharc dearfach a bheith ann. Pléann an scannán le ceist an ionannais – cé hé Henry? Ní féidir é a fheiceáil riamh. Is iad na lucht féachanna é, agus iad ag “imirt” tríd an scannán, cé nach bhfuil an scáthlán idirghníomhach in aon chor. Chomh maith leis sin, ní cuimhin le Henry conas mar a thugadh é go dtí an saotharlann teicneolaíochta ag tús an scannán – tá gach cuimhne scriosta aige – agus bíonn tábhacht ar an éiginnteacht san ag deireadh an scannáin. De réir cosúlachta, bhí sé sábháilte ón namhaid ag a bhean chéile, atá oillte i róbataic, ag an tús, ach cuimhnígí: ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí!

Hardcore HenryTá an scannán seo taitneamhach más féidir leat cur suas leis an radharc céad phearsan, agus cuireann an fuaimrian óna 70aidí agus 80aidí leis an spraoi. Nuair a bhreathnaítear air, cloistear ceol de chuid The Temptations, The Drums, The Stranglers agus Devendra Barnhart, agus araile sa chúlra. Is fiú an scannán seo a fheiceáil. Ar iomlán, tá sé fiúntach agus dírithe ar imreoirí ríomhaireachta, gan na daoine eile a fhágáil ar lár in aon chor.

4/5

Click here to watch the trailer

Click here to book

Advertisements