“Níl a leithéid ann is anaithnid – níl ann ach an méid atá againn agus an chruinne atá fós le haimsiú”. Cé nach bhfuil an teachtaireacht seo ann sa réamhfhógra (ní chloistear é ach sa scannán féin), is achoimre fiúntach é ar an scéal ar fad. Níl aon rud anaithnid i ndáiríre: ciallaíonn sin go bhfuil sé tábhachtach cairde nua – agus eolas nua dá bharr – a aimsiú ar fud na cruinne, agus ciallaíonn sé chomh maith go mb’fhéidir go bhfuil naimhde ann i bhfad níos cóngraí ná a cheaptar!

Star Trek Beyond

Ní haon ionadh go bhfuil formhór sásta leis an rath scannánaíochta seo: bhí Star Trek Beyond in ann gach iontas na sraith teilifíse na 70idí a thabhairt ar ais go dtí an scáthlán mór arís gan stró. Ag an am céanna, áfach, tá feabhas mór tágtha ar na héifeachtaí speisialta, agus cuireann an ceol Rihanna blaisín nua-aimseartha sa scannán  ar mhaithe leis na lucht féachanna óga a shásamh.

Star Trek Beyond

Sa scannán seo, téann an foireann Enterprise níos faide fós ar aghaidh sa Spás, áit ina bhfuil namhaid fíor-chumhachtach ag taisteal chomh maith. Cuirfidh na hallúraigh oilc seo na daoine daonna ar fad i mbaol mura bhfuil Captaen Kirk agus a chairde ann dá stopadh in am. Scéal simplí go leor é seo a dhéanann tagairt ar an aimsir chaite chomh maith, ar bhealach intuigthe do na leantóirí nua. Ní hé an plota a chruthaíonn an draíocht ar fad, ach an tuiscint gur rud tábhachtach é díriú ar na gcarachtair níos mó ná sa scéal féin. Is féidir an-chuid sult a bhaint as carachtair atá cur síos suimiúil orthu, agus déantar dearúd as an easpa fo-phlota sa scéal dá bharr.

Jaylah Star Trek Beyond

D’éirigh go breá leis an scannán seo chomh maith mar chomóradh 50 bliain ar an chéad heagrán Star Trek riamh: cuimhnítear ar Leonard Limoy go héasca i rith an scéal, agus ar Anton Yelchin freisin go hindíreach. Is sárshaothar é seo, a dhéanann súil siar ar an chuid is suntasaí den srath na 70idí ar bhealach atá intuigthe agus taitneamhach do pháistí agus daoine fásta araon.

By Natalia Danzmann

5/5

Advertisements