Ag leanúint leis an nós is déanaí i saol aistriúcháin scannánaíochta ar ghreannáin Meiriceánacha – tagann grúpa sárdhaoine le chéile in aghaidh an oilc. Ní leor é laoch amháin i gcroílár an aicsin sa lá atá inniu ann; is éard is faiseanta anois ná “obair foirne” mar ní neart go cur le chéile. Tá éagsúlacht mhór amháin sa scéal seo i gcodarsnacht le the Avengers (2012) agus Batman vs Superman (2016), áfach: ní ar sárlaochra atáimid ag trácht níos mó, ach ar bhithiúnaigh. Is saothar neamhghnáth de chuid DC Comics é seo, atá dúshláin drámaíochta nua bainteach leis – mar shampla, conas namhaid a léiriú a dhéanann an domhain a shábháil ach gan a bheith 100% ina laochra. Is suimiúil an codarsnacht san, má léirítear é i gceart.

Suicide Squad

Nuair atá baol ann go mbeadh sárlaochra ag dul ó smacht, is léir sa scannán go bhfuil eagla roimh na húdaráis roimh na rudaí gur féidir tarlú mura bhfuil plean cúltaca ar fáil dóibh nuair a tharlaíonn sé. Is dá bharr a chuireann an ceannasaí Amanda Waller (Viola Davis) foireann le chéile leis na naimhde is contúirteacha dá bhfuil ann chun dul i ngleic leis an olc seo, agus baol báis orthu mura leanann siad na rialacha go léir. Tá cuid mhaith de na príomhcharachtair ann sa ghreannán DC: Harley Quinn, Deadshot, Enchantress, Captain Boomerang agus Rick Flag – an ceann deireannach ná an t-aon fíor-shaighdeoir ina measc (nach bhfuil ina namhaid ar shárlaochra). Cuireadh trí charachtair sa bhreis sa Suicide Squad scannánaíochta áfach: El Diablo, Killer Croc agus Katana. Níl éinne cinnte an chúis go bhfuil carachtair sa bhreis ann mura gcuireann siad mórán leis an bplota. Is rud tábhachtach é éagsúlacht cine a chur chun cinn sa scáthlán mór, ach d’fhéadfá creidiúint gurb é sin an t-aon chuspóir a bhí leis na breiseáin san. Ní hea nach bhfuil siad suimiúil – go deimhin, is deacair bheith níos ciúile ná ridire Seapánach atá claíomh draíochtúil aici, nó fear Meicsiceach ábalta tine a lasadh lena lámha, agus duine atá DNA crogaill air (agus b’fhéidir beagáinín ró-chosúil le Bem Grimm ó na Fantastic Four (2005) – oops!) ach bheifeá ag súil le tuilleadh miniúcháin ar a gcúlra mura bhfuil siad sa ghreannán cheana féin – agus theip ar an scannán leis sin. Ní thuigtear an chúis go bhfuil an chumhacht suimiúil sin acu, nó cén áit as a tháinig siad.

Will Smith Suicide Squad

Níl plota soiléir ag an scannán, agus is fadhb mór é sin chomh maith. Sna greannáin, is scéal é seo a tharlaíonn i ndiaidh cúpla tragóid le sárlaochra, agus tuigtear é sin sa léitheoireacht, ar nós dá mbeadh sé ag tosú i lár leabhar mór. Sa scannán áfach, níl leathanaigh roimh an tús agus ní féidir a bheith ag súil go mbeadh an scéal sa chúlra ar eolas ag na lucht féachanna ar fad mura bhfuil sé taifeadta i srath. Tuigtear go bhfuil an Suicide Squad curtha le chéile “ar eagla na heagla” mar ionadaithe ar laochra fiúntacha – agus déanann sé sin ciall go dtí deireadh an scannáin nuair a bhfeictear Batman. Má bhí sé ann an t-am ar fad, cén maitheas a bhí ar an trioblóid ar fad le lucht an Squad? – Ní mar a shíltear a bhítear, ach is doiligh tuiscint eile a bheith agat ar an scannán de bharr droch-stiúradh.

Suicide Squad SS-04190rv2 Film Name: SUICIDE SQUAD Copyright: © 2016 WARNER BROS. ENTERTAINMENT INC. AND RATPAC-DUNE ENTERTAINMENT LLC Photo Credit: Clay Enos/ TM & (c) DC Comics Caption: (L-r) MARGOT ROBBIE as Harley Quinn and JARED LETO as The Joker in Warner Bros. Pictures' action adventure "SUICIDE SQUAD," a Warner Bros. Pictures release.

Murach leor na botúin ar fad, ní chabhraíonn an drámaíocht de chuid Jared Leto mar Joker – an t-aon bithiúnach mór atá saor ón bpríosún an scannán ar fad. Léiríonn sé cineál grá do Harley Quinn agus é ar thóir uirthi an t-am ar fad, cé nach fíor é sin sna greannáin. Téann sé ar ais di sa bhunscéal go deimhin, ach ní ar bhealach tuiscineach grámhar léi – is meafar é ar an síceapatach: tá sé ábalta mothucháin a léiriú gan iad a bheith ann i ndáiríre, agus déanann an “grá” bréagach sin dóchar do Harley Quinn, atá ró-mhór as a meabhair chun dochar a aithint ó maitheas. Is ról an-chasta é go deimhin. Cé go raibh Margot Robbie go breá mar Harley Quinn, ní raibh Jared Leto cabhrach ina ról féin.

Suicide Squad All Characters Poster

Ar iomlán, is scéal an-chasta ar fad é Suicide Squad le haistriú i gcruth scannáin, agus is dóigh liom gur éirigh go maith leis ó thaobh ceachtanna moráltachta a mhúineadh: bíonn na lucht féachanna lán-chinnte gur daoine daonna iad na bithiúnaigh, agus gur féidir leo dea-rudaí a dhéanamh má thugtar seans dóibh. Ag an am céanna, ní hionann dea-rudaí agus a bheith i do laoch, ós rud é gur gá dóibh an pionós sa phriosún a shárú go fóill agus ní bhfaigheann éinne saoirse go dleathach. Cé gur éirigh leis an scannán na ceachtanna sin a mhúineadh dúinn, níl mórán loighic taobh thiar den scéal agus ní bhaintear mórán tairbhe as cé chomh casta is atá na carachtair. Is píosa spraoi é gan dabht, d’aineoinn na fadhbanna.

2/5

Natalia Danzmann

Advertisements