Scéal suimiúil saor ó na clichés, beochan inchreidte go leor agus carachtair gleoite atá pearsantacht chasta, daonna acu. S’éard atá i gceist leis an scannán Ballerina, atá cóiréagrafaíocht ag réaltaí an Opéra National de Paris ann.

Baineann plota an scannáin le scéal Felicie – cailín Briotánach a bhí i gcónaí ag aislingeacht le bheith ina bailéiríne go dtí go bhfuair sí seans amháin lena haislingí a fhíorú i dturas rúnda go Páras. Ní “laoch tipiciúil” í ar an scéal toisc go mbíonn sí dána anois is arís ar nós fíor-pháiste. Níos tábhachtaí fiú, cé gur scéal na n-óg é an scannán so, ní finscéal atá ann, agus dá bharr taispeántar air gur do-dhéanta an rud é teacht ar dhuine atá go hiomlán maith nó go hiomlán olc. Go deimhin, ní bhfuair sí deis freastal ar an scoil bailé i bPáras go dleathach – do ghoid sí aitheantas chailín eile, agus fuair sí pionós cuí dá bharr. Ní hea nár éirigh léi a sprioc a bhaint amach ar deireadh, ach bhí uirthi cloí leis an dlí agus rialacha áitiúla gan tuilleadh caimiléireacht. Is tábhachtach teachtaireacht mar sin a chur trasna chuig páistí: taispeánann sé dhóibh nach ann don “sióg máithriúil” agus caifear obair a chur isteach ar do chuid aislingí… Ach san am céanna, má bhíonn tú dána, gheobhaidh tú pionós.

Ballerina

Tá namhaid spéisiúil ag Felicie chomh maith. Níl Camille bheag go hiomlán olc, ach tarlaíonn sé go bhfuil an-chuid brú uirthi ag teacht óna máthair féin chun an sprioc céanna a bhaint amach. Múintear ceacht eile do na lucht féachanna óga le scéal Camille: níor rugadh éinne “olc”. Foghlaimítear droch-nósanna i rith an tsaoil. D’aineoinn sin, is féidir le haon namhaid maitheas a dhéanamh ar deireadh má thugtar cairdeas fírinneach di.

Ballerina

Is thar bharr an rince a bhfeictear sa scáthlán ó tús go deireadh an sárshaothair so. D’éirigh leis an bhfoireann beochana íomhá a chruthú atá tarraingtheach agus inchreidte san am céanna. Níl sé deacair duine a shamhlú ag tabhairt fé na céimeanna céanna sa bhfíor-shaol. Is mór is fiú féachaint ar an scannán so, is cuma más páiste nó duine fásta thú!

by Natalia Danzmann

5/5

 

Advertisements