Cuireadh fíorscéal i láthair ar bhealach taitneamhach sa scannán Hidden Figures, ach ní chiallaíonn sin gur rinneadh aon caint mhilis ar an taobh gránna den scéal – ciníochas. Dár ndóigh, pléitear fadhb na ciníochais go críochnúil ó thús go deireadh, agus is ar éigean gur féidir leis na lucht féachanna an t-idirdhealú sin a mhothú san atmaisféar agus trua a dhéanamh do na príomhcharachtair dá bharr. Caifear an cheist sin a thuiscint go hiomlán ionas nach mbeidh an t-idirdhealú sin riamh i bhfeidhm arís – agus rinneadh sár-jab sa scannán so leis.

Tá an scannán Hidden Figures lonnaithe sna Stáit Aontaithe Mheiriceá ag deireadh na 60aidí agus leiríonn sé saol Katherine G Johnson – páiste iontach sa mhatamaitic, a fuair scoláireacht mar gheall ar a scileanna neamhghnách leis na huimhreacha, agus post ar NASA mar “ríomhaire” mar thoradh air. Bean gorm a bhí inti, áfach, agus de réir is a fuair sí ardú céime san obair, d’éirigh an bhearna idir daoine gorma agus daoine geala níos soiléire níos damanta di. Cé is moite de sin, áfach, ní raibh a comhoibrithe geala ábalta ciníochas a thabhairt fé ndeara riamh seachas nuair a chuir sí é in iúil dóibh. Dár ndóigh, ba nós le mórchuid duine bheith dall don ciníochas a bhí taobh thiar de na dlithe Jim Crow i Meiriceá, agus d’éirigh leis an scannán é sin a thaispeáint gan stró. Ní fheictear mí-úsáid fisiciúil sa scannán, agus níl aon namhad sádach ann ag iarraidh daoine gorma a mharú nó aon rud mar sin. Ní fheictear troid ach oiread, toisc go bhfuil teachtaireacht i bhfad níos caolchúisí sa scannán – gan a bheith níos fánaí! S’éard a bhfeictear ann ná: gnáth-dhaoine ag déanamh talamh slán den pribhléid atá acu sa chóras oideachais agus san obair; gnáth-dhaoine ar nós mise agus tusa, ag maireachtáil i sochaí ina raibh rudaí ar nós “leithreas gorm” normálta – rud atá do-dhéanta sa lá atá inniu ann. Agus cuireann sé sin ag smaoineamh thú: is dócha go bhfuil rudaí i bhfeidhm inniu a bheas cuma ciníoch orthu sa todhchaí freisin – níl sé éasca pribhléid a thabhairt fé ndeara.

Cé go bhfuil béim ar scéal Katherine sa scannán, taispeántar beirt bhean gorm eile a bhí cairdiúil léi agus conas a d’éirigh leo a n-aislingí a thógáil i sochaí ciníoch. Ag tús an scannáin, bíonn Mary Jackson agus Katherine ag obair le chéile sa seomra na ríomhairí gorma faoi stiúir Dorothy Vaughan. Leanann siad proifisiúin éagsúla de réir a chéile áfach de réir is a théann an scéal ar aghaidh. Bíonn Mary ag aislingeacht le bheith ina hinealtóir cé go bhfuil constaic mór sa tslí uirthi: tá cúrsa in ollscoil “geal” ag teastáil uaithi chun a haidhm a bhaint amach. D’éirigh léi ar deireadh tar éis di óráid bheag a thabhairt os comhair breithimh agus é a chur ina luí air gurb é sin a dheis clú agus cáil a bhaint amach mar an chéad fear a bhris rialacha an idirdhealaithe san ollscoil sin.

I gcás an stiúrthóra ríomhaireachta Dorothy Vaughan, áfach, níor éirigh léi ciníochas a chur ina luí ar na daoine i gcumhacht chun an t-ardú céime a bhaint amach sa chomhlucht. Bhí uirthi scíl nua a fhoghlaim – leabhair fé cláreagrú a ghoid ó leabharlann “geal” (ós rud é nach raibh cead aici é a léamh ann mar gheall ar a cine) agus na ríomhairí uathoibríoch IBM a oibriú sula raibh seans ag éinne ar NASA an scíl a mhúineadh fiú. Ní raibh rogha ag na ceannairí geala ach í a fhostú mar chláreagraitheoir.

Dár ndóigh, léiríonn na scéalta sin an tábhacht a bhaineann le do dhícheall a dhéanamh agus gan éirí as – d’éirigh leis an triúir bhean sin cé go raibh an domhain ina gcoinne – ach thar aon rud eile, taispeántar sa scéal go bhfuair siad pionós ar rud éigin a bhí ó smacht acu. Ní raibh aon locht orthu gur rugadh siad gorm, ach fós féin, bhí orthu i bhfad níos mó oibre a chur isteach chun cothromaíocht a bhaint amach lena gcomhrádaí geala. Gan amhras, rinneadh áibhéal anso is ansúd – sa bhfíorshaol, ba nós le Katherine leithreas na ndaoine geala a úsáid ar aon nós, agus níor tharla an radharc sin ina gcuireann ceannasaí an chomhlucht deireadh le hidirdhealú leithris i ndáiríre – is drámaíocht sa bhreis é sin chun teachtaireacht beagáinín níos láidre a chur trasna. Ach ar iomlán, is fiúntach an mionchúntas ar shaol Katherine sa scannán. Baintear úsáid cliste as seanphictiúir sa scannán chun comparáid a dhéanamh idir na radharcanna athchruthaithe agus an domhain mar a bhí fadó. Cabhraíonn sé sin go mór ó thaobh na lucht féachanna a thumadh sa scéal, ar nós dá mbeadh gach éinne ag taistil in ama go dtí na 60aidí. Sárobair é an scannán so gan aon amhras.

By

Natalia Danzmann

Rating 5/5

Advertisements