Scannán foréigneach, eipiciúil, ach daonna é seo thar aon rud eile, cé go mbaineann sé leis na sárlaochra sóite atá aithne mhaith ag mórchuid leantóirí X-men orthu. Neamhchosúil leis an chuid is mó scannáin X-men a tháinig roimhe, áfach, bhí Logan stiúrtha ar nós scannán Western clasaiceach – agus déantar tagairt díreach orthu siúd nuair a bhíonn na príomhcharachtair ag féachaint ar radharc Unforgiven, ag Clint Eastwood, i seomra óstáin. Ní chuirtear mórán béime ar chuimsiú sóisialta na “ndaoine difriúla” sa scannán seo toisc go bhfuil sé dírithe níos mó ar theaghlach, misneach agus an coimhlint idir an mhaith agus an t-olc.

Tarlaíonn scéal an scannáin seo sa bhliain 2029, agus baineann sé leis an t-aon duine sóite atá fágtha – Logan, a dtugtar Wolverine air. Tosnaíonn sé le radharc ina bhfeictear a chró fólaigh agus cuid dá shaol mar thiománaí meánaosta atá dobrónach, gan aird sa saol. Níl comhluadar aige ach Caliban agus Professor X, atá taomanna air chomh cumhachtach lena hinchinn neamhghnách. Nuair a bhualann Logan le cailín sóite a bhí faoi chúram bhanaltra Meicsiceach, áfach, faigheann sé cuspóir nua lena shaol – ach ní gan dúshláin a thagann an deis “tuistithe” sin: tá namhad sa tóir uirthi agus ar pháistí eile atá cumhacht osnádúrtha orthu. An eireoidh le Wolverine iad a chosaint?

Briseann Logan cliché a bhaineann le páistí san earnáil scannánaíochta: in áit daoine óga gleoite sobhriste, feictear sárlaochra atá ábalta tiomáint, foirgnimh a thógáil, agus nach bhfuil eagla orthu namhaid a mharú – ach is páistí iad fós, agus is féidir é sin a aithint anois is arís, go háirithe nuair a bhíonn Laura (páiste Logan) ag súgradh.

Is greannmhar na himeartais focail le cúrsaí reatha Mheiriceá sa scannán seo: úsáidtear “fake news” nuair a dúirt Laura gur féidir teacht ar Eden na ndaoine sóite i Meiriceá, agus ní chreideann Logan ar an scéal. Chomh maith leis, Donald is ainm leis an namhad nua atá ag na X-men. Is cosúil gur faisean nua atá ann do na scannáin sárlaochra amach anseo.

Logan by Natalia Ui Fhailain

5/5

Advertisements