Rinne na meáin scéal mór den scannán le Christopher Nolan “Dunkirk” agus tá a fhios agam cén fáth. Leis an taithí agus rath atá ag Nolan is léir go mbeadh an scannán móréilimh seo fíor gnóthach gan dabht. Tá an scannán seo suite sa radharc coscrach den Dara Cogadh Domhanda. Tá sé bunaithe ar an smaoineamh nuair nach féidir leat dul abhaile, tá ar teacht chugat.

Is scannán ionraic, spleodrach agus glórach é a cuireann an lucht féachána ar chorr a suíocháin iad. Tugann sé radharc casta den cogadh ach dhírigh sé m’aird ar iontas an duine. Tá na híomhanna suntasacha; an bealach ina bhogann an ceamara, léirínn sé dúinn an iargúltacht a bhí ann do na fir. Níl mórán diallóg sa scannán mar sin tá orainn tarraing ó na híomhánna beoga ar an scáileán mór. Cuireann an fhuaim go mór leis chomh maith, ag scaoileadh racht mothúchán ón mbreathnóir.

 

Tugtar cúlra dúinn faoin ré staire, bhí Churchill i gceannais cé nach feictear é sa scannán. Ina  ionad cuireadh béim ar dornán fir a bhí ag scríobh stair ar an talamh, san fharraige agus san aer. Tugann sé léargas réadúil ar bhród agus scanradh na fir ó gcéad seit tosaíonn an scannán amach le “bang” mór. Níl mórán forbairt ar na carachtair, níl aon scéal grá ann. Níl aon namhaid ainmnithe seachas “am”. An t-aon rud nach bhfuil dóthain ag aon duine go háirithe na fir seo a bhí i láithreacht bhás gach lá. Bhí cur chuige éagsúil ag Nolan i leith na scéalaíochta.

Molaim duit dul agus d’aigne féin a dhéanamh ar an stiúrthóir ealaíne Nolan agus 106 nóiméid a thógáil chun breathnú ar na teicnící cinéimeatacha.

Advertisements